21. Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.”
22. Ach d'fhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.”
23. Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh m'Athair dóibh é”.
24. Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha.
25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu.
26. Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh,
27. agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh;
28. dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.”
29. Nuair a d'imigh siad as Iericó, lean slua mór é.