7. Chuir Iorua ansin fios ar na draoithe os íseal gur fhionnaigh uathu cá huair a chonacthas an réalta;
8. agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.”
9. D'imigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus b'shiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.
10. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu;
11. agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. D'oscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.