Matha 18:23-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. “Dá bhrí sin féadtar ríocht neimhe a chur i gcosúlacht le rí a raibh mian air cuntas a iarraidh ar a sheirbhísigh.

24. Nuair a thosaigh sé ar an gcuntasaíocht, tugadh fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air.

25. Agus ó nár fhéad sé a n‑íoc, d'ordaigh a thiarna go ndíoltaí é féin agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus na fiacha a íoc.

26. Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’

27. Agus de bharr na trua a bhí aige dó scaoil tiarna an tseirbhísigh úd é agus mhaith sé na fiacha dó.

28. Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil d'fhiacha agam ort’

29. Dá bhrí sin thit a chomhsheirbhíseach síos gur chuir impí air, ‘Bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán.’

30. Agus dhiúltaigh seisean é agus d'imigh leis gur chuir i bpríosún é go dtí go n‑íocfadh sé na fiacha.

31. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh cad é a tharla, bhí aiféala mór orthu, agus chuaigh siad gur thug siad faisnéis dá dtiarna ar ar tharla.

32. Chuir a thiarna fios air ansin agus dúirt sé leis, ‘A sheirbhísigh mhallaithe! Mhaith mé na fiacha úd uile duit ar d'impí;

33. agus nárbh é do cheart trócaire a bheith agat ar do chomhsheirbhíseach, mar an trócaire a bhí agam ort?’

34. Agus le méid a fheirge thug a thiarna i lámha na séiléirí é, go n‑íocfadh sé iomlán a fhiach.

35. Is amhlaidh a dhéanfas m'Athair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.”

Matha 18