18. Deirim go fírinneach libh, cibé a cheanglós sibh ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé a scaoilfeas sibh ar talamh, scaoilfear ar neamh é.
19. Deirim libh arís, má thagann beirt agaibh ar aon intinn ar talamh faoi aon rud a iarrfas sibh, déanfaidh m'Athair atá ar neamh dóibh é.
20. Mar cibé áit a mbíonn beirt nó triúr cruinnithe i m'ainmse, bímse ansin ina measc siúd.”
21. Ba ansin a tháinig Peadar aníos gur fhiafraigh de, “A Thiarna, cé mhéid uair a pheacós mo bhráthair i m'aghaidh agus a mhaithfeas mé dó? An oiread le seacht n‑uaire?”
22. Is é a dúirt losa leis, “Ní deirim leat seacht n‑uaire, ach seachtó faoi sheacht!
23. “Dá bhrí sin féadtar ríocht neimhe a chur i gcosúlacht le rí a raibh mian air cuntas a iarraidh ar a sheirbhísigh.
24. Nuair a thosaigh sé ar an gcuntasaíocht, tugadh fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air.
25. Agus ó nár fhéad sé a n‑íoc, d'ordaigh a thiarna go ndíoltaí é féin agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus na fiacha a íoc.
26. Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’
27. Agus de bharr na trua a bhí aige dó scaoil tiarna an tseirbhísigh úd é agus mhaith sé na fiacha dó.
28. Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil d'fhiacha agam ort’
29. Dá bhrí sin thit a chomhsheirbhíseach síos gur chuir impí air, ‘Bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán.’
30. Agus dhiúltaigh seisean é agus d'imigh leis gur chuir i bpríosún é go dtí go n‑íocfadh sé na fiacha.
31. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh cad é a tharla, bhí aiféala mór orthu, agus chuaigh siad gur thug siad faisnéis dá dtiarna ar ar tharla.
32. Chuir a thiarna fios air ansin agus dúirt sé leis, ‘A sheirbhísigh mhallaithe! Mhaith mé na fiacha úd uile duit ar d'impí;