1. Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, d'iarr siad air comhartha ó neamh a thaispeáint dóibh.
2. Ba é a fhreagra orthu, “Nuair a bhíos an tráthnóna ann, is é a deir sibh, ‘Beidh an aimsir maith, mar tá an spéir dearg.’
3. Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú.
4. Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus d'imigh leis.
5. Nuair a shroich na deisceabail an taobh thall, bhí dearmad déanta acu ar aon arán a thabhairt leo.
6. Arsa Íosa leo, “Tugaigí aire agus seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”
7. Agus bhí siad á chíoradh acu eatarthu féin, agus iad á rá, “Níor thugamar aon arán linn.”
8. Ba léir sin d'Íosa, agus dúirt sé, “A dhaoine úd an chreidimh bhig, cad chuige daoibh bheith á chíoradh mar sin bhur mbeith gan arán?
9. Nach dtuigeann sibh go fóill? Nach cuimhin libh cúig bhuilín na gcúig mhíle, agus cé mhéid ciseán a bhailigh sibh?
10. Nó nach cuimhin libh seacht mbuilín na gceithre mhíle, agus an méid ciseán a bhailigh sibh?
11. Cad chuige daoibh bheith chomh dall sin nach dtuigeann sibh nach ar arán a bhí mé ag caint. Seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”
12. “Thuig siad ansin nach raibh sé ag rá leo laibhín an aráin a sheachaint, ach teagasc na bhFairiséach agus na Sadúcéach a sheachaint.
13. Anois nuair a tháinig Íosa go ceantar Chaesaría Filipí, d'fhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is Mac an duine?”
14. Agus dúirt siadsan, “Deir dream gurb é Eoin Baiste é, agus an dara dream gurb é Elía é, agus dream eile gurb é Ierimía é nó fáidh de na fáithe.”