Matha 14:30-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. ach nuair a chonaic sé an ghaoth, bhí eagla air, agus thosaigh sé ar dhul faoi agus dúirt sé in ard a chinn, “A Thiarna, tarrthaigh mé.”

31. Shín Íosa a lámh amach ar an bpointe ag breith air, agus dúirt sé leis, “A fhir an chreidimh bhig, cad chuige duit bheith in amhras?”

32. Agus nuair a chuaigh siad ar bhord an bháid, thit an ghaoth.

Matha 14