1. Leabhar ginealaigh Íosa Chríost, mic Dháibhí, mic Abrachaim.
2. Ghin Abracham Íosóg, agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób Iúda agus a dheartháireacha,
3. agus ghin Iúda Peres agus Saera ó Thamar, agus ghin Peres Hesron, agus ghin Hesron Ram,
4. agus ghin Ram Aminadab, agus ghin Aminadab Náisón, agus ghin Náisón Salmón,
5. agus ghin Salmón Bóas ó Rahab, agus ghin Bóas Óbéd ó Rút, agus ghin Óbéd Iesse,
6. agus ghin Iesse Dáibhí an rí.Agus ghin Dáibhí Solamh ó bhanchéile Úríá,