Marcas 8:17-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Thug Íosa faoi deara é, agus dúirt sé leo, “Cad chuige a luann sibh díth an aráin sin agaibh? Nach bhfuil tabhairt faoi deara ná tuiscint agaibh fós? An bhfuil bhur gcroíthe calctha? Nach bhfeiceann sibh leis na súile atá in bhur gcinn, agus nach gcluineann sibh leis na cluasa atá oraibh?

18. Agus nach bhfuil aon chuimhne cinn agaibh?

19. Nuair a roinn mé na cúig bhuilín aráin ar an gcúig mhíle duine, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “A dó dhéag,” ar siadsan leis.

20. “Agus an seacht mbuilin sin idir an ceithre mhíle, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “Seacht gciseán,” dúirt siad leis.

21. Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh fós?”

22. Agus tháinig siad go Bétsáida. Agus bhí daoine ansin a thug dall chuige agus d'iarr air a lámh a chur air.

23. Agus rug sé ar láimh an daill gur tharraing é amach as an mbaile; agus chuir sé seile ar a shúile agus leag sé a lámha air, agus d'fhiafraigh sé de, “An bhfeiceann tú aon ní?”

24. Agus d'fhéach sé in airde agus dúirt sé, “Feicim fir; ach is ionann iad le hamharc orthu agus crainn na coille agus siúl fúthu.”

25. Chuir sé a lámha os cionn a' shúile arís ansin; agus d'fhéach sé go grinn, agus tugadh a amharc dó arís, agus d'fheiceadh sé gach aon ní go soiléir.

26. Agus chuir sé ar shiúl arís abhaile é, agus dúirt sé leis, “Ná déan oiread agus gabháil isteach sa sráidbhaile.”

27. Agus chuaigh Íosa ar aghaidh é féin agus a dheisceabail, go sráidbhailte Caesaria Filipi; agus sa siúl d'fhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is mise?”

28. Agus d'inis siad dó, “Eoin Baiste; agus deir dream eile gur tú Elia; agus dream eile fós a deir gur fáidh de na fáithe tú.”

29. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus thug Síomón Peadar de fhreagra air, “Is tú an Críost.”

30. Agus bhagair sé orthu gan insint do dhuine ar bith faoi.

31. Agus thosaigh sé ar theagasc dóibh go gcaithfeadh Mac an duine mórán nithe a fhulaingt, agus na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe ag diúltú dó, agus go gcuirfí chun báis é, agus go n‑éireodh sé arís tar éis trí lá.

Marcas 8