Marcas 5:29-43 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

29. Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi.

30. Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar m'éadai?”

31. Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?”’

32. Agus d'fhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é.

33. Ach b'aithnid don bhean cad é a d'éirigh di, agus tháinig sí faoi chritheagla agus chaith sí í féin síos roimhe, agus d'inis sí iomlán na fírinne dó.

34. Agus dúirt sé léi, “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú; imigh i síocháin, agus faigh biseach ón aicid atá ort.”

35. Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, tháinig daoine ó theach an uachtaráin a dúirt leis, “Tá d'iníon marbh. Ní fiú an tOide a bhuaireamh níos faide.”

36. Ach rinne Íosa neamh-aird díobh, agus dúirt sé le huachtarán na sionagóige, “Ná bíodh eagla ort, níl agat le déanamh ach bheith creidmheach.”

37. Agus níor lig sé ach do Pheadar agus Shéamas agus Eoin deartháir Shéamais a leanúint.

38. Nuair a shroich siad teach uachtarán na sionagóige, chonaic sé go raibh gleo ann, agus daoine ag caoineadh agus ag mairgneach go hard.

39. Agus nuair a bhí sé istigh, dúirt sé leo, “Cad chuige an gleo agus an caoineadh? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”

40. Agus rinne siad gáire faoi. Ach chaith seisean amach iad uile go léir, agus thug sé leis athair agus máthair an linbh agus an chuideachta a bhí leis, agus chuaigh isteach go dtí an áit a raibh an leanbh.

41. Agus rug sé ar a láimh agus dúirt sé léi, “Talíta cúmí,” a chiallaíos, “A chailín óig, ordaím duit éirí.”

42. Agus d'éirigh an cailín ar a cosa láithreach agus shiúil sí, mar bhí sí in aois an dó dhéag. Agus leis sin bhí dubh-iontas orthu.

43. Agus d'ordaigh sé go dian dóibh gan insint faoi d'aon duine, agus dúirt sé leo bia a thabhairt chuici.

Marcas 5