Marcas 5:20-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. Agus d'imigh sé agus thosaigh sé ar fhorfhógairt ar fud chríoch Dhecapolis faoin méid a rinne Íosa dó; rud a chuir iontas ar na daoine uile.

21. Agus nuair a d'fhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige.

22. Ba ansin a tháinig fear d'uachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa,

23. agus d'iarr sé d'achainí air, ag rá, “Tá m'iníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.”

24. Agus chuaigh sé leis.Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air.

25. Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag,

26. agus a d'fhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici d'airgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí.

27. Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach.

28. Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.”

29. Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi.

30. Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar m'éadai?”

31. Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?”’

32. Agus d'fhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é.

Marcas 5