Marcas 4:8-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Agus thit síol eile ar thalamh maith agus thug sé barr, ag fás agus ag faibhriú agus ag tabhairt uaidh faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.

9. Agus ar seisean, “An té a bhfuil cluas air le héisteacht, tugadh sé cluas.”

10. Agus nuair a bhí sé ina aonar, d'fhiafraigh an dream a bhí leis agus an dáréag de i dtaobh na bhfáithscéalta.

11. Agus dúirt sé leo, “Is libhse a scaoileadh rún ríocht Dé, ach don dream a fágadh taobh amuigh di bíonn na nithe seo ina bhfáithscéalta;

12. ar nós go bhfeicfidh siad gan a thabhairt faoi deara, agus go gcluinfidh siad gan a thuiscint; le heagla go n‑athróidís a mbéasa agus go maithfí dóibh.”

13. Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh an fáithscéal seo? Conas mar sin a thuigfidh sibh na fáithscéalta uile?

14. Bíonn an síoladóir ag síoladh an bhriathair.

15. Agus is iad an méid a thiteas ar an gcosán, a síoltar an briathar air; nuair a chluineas siad, tagann Sátan ar an toirt agus tógann sé uathu an briathar a shíoltar iontu.

16. Mar an gcéanna don mhéid a shíoltar ar thalamh creagach, a ghlacas gan mhoill leis an mbriathar agus lúcháir orthu roimhe nuair a chluineas siad é;

17. agus ní bhíonn fréamh acu iontu féin, agus ní fhanann siad ach seal, agus nuair a thagas trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, tréigeann siad é ar an toirt.

18. Agus tá tuilleadh ann a chuirtear i measc na ndriseog; is iad a éisteas leis an mbria­thar,

19. ach go dtagann cúram an tsaoil, agus áilíos an tsaibhris, agus mianta faoi nithe eile isteach iontu go dtachtann siad an briathar, agus ní thugann sé toradh.

20. Ach an méid a chuirtear sa talamh maith, is iad a chluineas an briathar agus a ghlacas chucu é, agus a thugas toradh, faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

21. Agus dúirt sé leo, “An dtugtar lampa isteach lena chur faoi bhéal soithigh, nó faoin leaba, agus gan a chur in airde?

22. Mar ní chuirtear aon ní i bhfolach, gan a nochtadh; ná níl aon ní ina rún, nach dtugtar chun solais.

23. Má tá cluas le héisteacht ag aon duine, éisteadh sé.”

Marcas 4