Marcas 3:8-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. agus ó Iarúsailéim agus ó Idúmaea agus ón taobh thall den Iornán agus ó cheantar Thiora agus Shiodóin nuair a chuala siad an méid a bhí á dhéanamh aige.

9. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith réidh acu faoina choinne as siocair an tslua ar eagla go mbrúfaidís é;

10. óir is iomaí duine a bhí leigheasta aige, ionas go mbíodh an dream a mbíodh aicídí orthu ag brú isteach air le cuimilt leis.

11. Agus níl sprid neamhghlan a chonaic é nár thit os a choinne agus nár ghlaoigh os ard, “Is tú Mac Dé.”

12. Agus bhagair sé go dian orthu gan a n‑aithne air a ligean le haon duine.

13. Agus chuaigh sé suas i measc na gcnoc, agus ghlaoigh sé chuige na fir a bhí uaidh; agus tháinig siad chuige.

14. Agus cheap sé dáréag, le bheith ina chuideachta, agus lena gcur amach ag seanmóireacht

15. agus le húdarás a bheith acu leis na deamhain a chaitheamh amach:

16. Síomón ar thug sé Peadar mar fhorainm air;

17. Séamas mac Shebidé agus Eoin deartháir Shéamais, ar thug sé Bóanergés mar fhorainm orthu, sé sin clann na toirní;

18. Aindrias, agus Pilib, agus Parthalón, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus, agus Siomón as Cána,

19. agus Iúdás Iscariót, an té a bhraith é.Chuaigh sé abhaile ansin;

20. agus chruinnigh an mórshlua le chéile arís, ionas nárbh fhéidir leo fiú bia a chaitheamh.

21. Agus nuair a chuala a chairde sin, chuaigh siad amach le breith air, mar dúirt siad, “Is as a chiall atá sé.”

22. Agus dúirt na scríobhaithe a tháinig anuas ó Iarúsailéim, “Tá Beelsebúl ina chorpsan, agus bíonn taoiseach na ndeamhan ag cuidiú leis na deamhain a chur amach as na daoine.”

23. Agus ghlaoigh sé orthu chuige, agus dúirt sé leo i bhfáithscéalta, “Conas a chuirfeadh Sátan Sátan amach?

24. Má roinntear ríocht ina héadan féin, ní fhéadfaidh an ríocht sin seasamh.

25. Agus má scoiltear teach ina éadan féin, ní fhéadfaidh an teach sin seasamh.

26. Agus más rud é go bhfuil Sátan i ndiaidh éirí amach ina aghaidh féin, agus é easaontach leis féin, ní féidir leis seasamh, ach tá a ré caite.

27. Ach ní féidir do dhuine dul isteach i dteach an fhir thréin agus a mhaoin a thabhairt leis, mura mbíonn an fear tréan ceangailte aige an chéad uair; má tá, féadann sé creach a dhéanamh dá theach.

Marcas 3