Marcas 3:26-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. Agus más rud é go bhfuil Sátan i ndiaidh éirí amach ina aghaidh féin, agus é easaontach leis féin, ní féidir leis seasamh, ach tá a ré caite.

27. Ach ní féidir do dhuine dul isteach i dteach an fhir thréin agus a mhaoin a thabhairt leis, mura mbíonn an fear tréan ceangailte aige an chéad uair; má tá, féadann sé creach a dhéanamh dá theach.

28. “Deirim libh i bhfírinne go maithfear don Ádhamhchlann a ndéanann siad de pheacaí, agus a ndeir siad de dhiamhasla;

29. ach an té a thugas masla don Spiorad Naomh níl maithiúnas le fáil aige, ach tá peaca síoraí air”

30. —óir bhí siad i ndiaidh a rá, “Tá sprid neamhghlan ann.”

31. Agus tháinig a mháthair agus a dheartháireacha; agus d'fhan siad ina seasamh amuigh, agus chuir siad fios air.

32. Agus bhí slua ina suí ina thimpeall; agus dúradh leis, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha amuigh agus iad do d'iarraidh.”

33. Agus d'fhreagair sé, “Cé hiad mo mháthair agus mo dheartháireacha?”

Marcas 3