7. “An duine seo! Cad é an chaint sin air? Dia-mhasla é! Cé a fhéadas na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
8. Ach mhothaigh Íosa láithreach ina spiorad cad í an cheist a bhí ina n‑intinn, agus ar seisean leo, “Cad chuige daoibh bheith ag ceistiú mar sin in bhur n‑intinn?
9. Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach go bhfuil a pheacaí maite, nó a rá leis, ‘Éirigh, agus ardaigh do shráideog agus siúil leat?’
10. Ach chun go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis na peacaí a mhaitheamh”—ar seisean leis an bpairiliseach—
11. “Deirim leat, éirigh, ardaigh do shráideog agus gabh abhaile.”
12. Agus d'éirigh sé, agus d'ardaigh sé an tsráideog agus d'imigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!”
13. Chuaigh sé amach ansin arís le cois na farraige; agus chruinnigh an slua uile ina thimpeall, agus theagasc sé iad.
14. Agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh, chonaic sé Lébhi mac Alfaeus ina shuí in oifig na cánach, agus ar seisean leis, “Lean mise.” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.