11. “Deirim leat, éirigh, ardaigh do shráideog agus gabh abhaile.”
12. Agus d'éirigh sé, agus d'ardaigh sé an tsráideog agus d'imigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!”
13. Chuaigh sé amach ansin arís le cois na farraige; agus chruinnigh an slua uile ina thimpeall, agus theagasc sé iad.
14. Agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh, chonaic sé Lébhi mac Alfaeus ina shuí in oifig na cánach, agus ar seisean leis, “Lean mise.” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.
15. Agus nuair a shuigh sé chun boird ina theachsan bhí mórán bailitheoirí cánacha agus peacach ina suí i gcuideachta Íosa agus i gcuideachta a dheisceabal; óir b'iomaí sin duine a lean é.
16. Agus nuair a chonaic siad é ag ithe i gcuideachta bailitheoirí cánacha agus lucht na bpeacaí, d'fhiafraigh scríobhaithe na bhFairiséach dá dheisceabail, “Cad chuige a bhfuil sé ag ithe i gcuideachta bailitheoirí cánacha agus lucht na bpeacaí?”