Marcas 15:23-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. Agus tairgeadh fíon dó ar cuireadh miorr tríd; ach níor ghlac sé é.

24. Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu.

25. Agus ba é an tríú huair den lá é nuair a rinneadh é a chéasadh.

26. Agus is é a bhí le léamh i scríbhinn na cúise a cuireadh ina leith, “Rí na nGiúdach.”

Marcas 15