Marcas 12:2-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Ansin, nuair a tháinig an t‑am, chuir sé duine dá sheirbhísigh chuig na tionóntaí, lena chuid de thoradh an fhíonghoirt a fháil.

3. Agus rug siad air agus bhuail siad é, agus chuir siad ar shiúl é agus a lámha folamh.

4. Chuir sé seirbhíseach eile chucu athuair, agus ghortaigh siad sa cheann é agus thug siad íde bhocht dó.

5. Agus chuir sé duine eile chucu, agus rinne siad a mharú; agus thug siad an íde chéanna do mhórán eile, agus cuid á mbualadh agus cuid á marú acu.

6. Ní raibh fágtha aige ansin ach aon duine amháin, mac muirneach; agus faoi dheireadh thiar thall chuir sé chucu é, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’

7. Ach is é a dúirt na tionóntaí úd le chéile, ‘Seo chugainn an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é, agus is linn an oidhreacht.’

8. Agus rug siad air agus mharaigh siad é, agus chaith siad amach as an bhfíonghort é.

9. Cad é a dhéanfas an té ar leis an fíonghort? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé deireadh leis na tionóntaí, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.

Marcas 12