Lúcás 8:33-48 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

33. D'imigh na deamhain ansin amach as an bhfear agus isteach sna muca, agus rith an tréad síos le fána amach sa loch gur bádh an t‑iomlán acu.

34. Nuair a chonaic na tréadaithe ar tharla, theith siad leo, agus d'inis an scéal sa chathair agus sa limistéar tíre.

35. Chuaigh daoine amach ansin go bhfeicfidís cad é a tharla, agus tháinig go dtí Íosa, go bhfuair siad an fear ar imigh na deamhain as, ina shuí ag cosa Íosa, agus é ina mheabhair agus éadaí air; agus bhí eagla orthu.

36. Agus d'inis an dream a chonaic lena súile é faoi cad é mar leigheasadh an té a raibh na deamhain ann.

37. Ba ansin a d'iarr lucht limistéar na nGeraséanach d'impí air bheith ag imeacht uathu; mar bhí greim mór ag an eagla orthu; agus dá thairbhe sin chuaigh sé isteach arís sa bhád le filleadh.

38. Ach d'iarr an fear a raibh na deamhain ann air ligean dó bheith leis; ach chuir sé uaidh é á rá,

39. “Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó.

40. Anois nuair a d'fhill Íosa, bhí fáilte ag an slua roimhe, ó bhí siad uile ag feitheamh leis.

41. Agus tháinig fear a raibh Iárus mar ainm air, a bhí ina rialtóir sionagóige; agus thit sé ag cosa Íosa ag cur impí air teacht chun a thí,

42. mar ní raibh aige ach an t‑aon iníon amháin, a bhí thart ar dhá bhliain déag d'aois, agus bhí sí i mbéala báis.Sa siúl dó, bhí na daoine ag brú air.

43. Agus bhí bean ansin a raibh rith fola uirthi dhá bhliain déag agus nár fhéad aon duine a leigheas,

44. tháinig sise aníos ó lorg a chúil, gur bhain a lámh d'imeall a éadaí; agus ní luaithe a bhí sin déanta aici ná coisceadh rith a fola.

45. Agus dúirt Íosa, “Cé hé sin a bhain liom?” Nuair a shéan siad uile go léir, dúirt Peadar leis, “A Mháistir, tá na sluaite do do timpeallú agus ag brú ort!”

46. Ach dúirt Íosa, “Leag duine éigin lámh orm; mar mothaím go bhfuil cumhacht i ndiaidh dul amach uaim.”

47. Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt.

48. Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.”

Lúcás 8