Lúcás 8:3-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu.

4. Agus nuair a chruinnigh mórshlua le chéile, agus nuair a bhí daoine ag teacht chuige as gach baile d'éis a chéile, dúirt sé i bhfáithscéal:

5. “Síoladóir a chuaigh amach a chur síl; agus nuair a bhí sé á chur, thit cuid de ar fud an chosáin, agus bhíothas ag gabháil de chosa air, agus bhíodh éanlaith an aeir á shlogadh.

6. Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige.

7. Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus d'fhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é.

8. Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”

9. Agus nuair a d'fhiafraigh a dheisceabail de cad é ba chiall don fháithscéal sin,

10. ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint.

11. Anois is mar seo atá an fáithscéal: Is é an síol briathar Dé.

12. An chuid atá ar fud an chosáin is é sin an dream a éisteas; agus tagann an diabhal ansin go mbaineann an briathar amach as a gcroíthe ionas nach gcreide siad agus nach slánófar iad.

13. Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe.

14. Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan.

15. Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne.

16. “Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí.

Lúcás 8