24. Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann.
25. Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”
26. Ba ansin a shroich siad tír na nGeraséanach, atá thall os comhair Ghalailí.
27. Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; b'fhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí.
28. Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.”
29. Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.)
30. D'fhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus d'fhreagair sé “Léigiún”; mar b'iomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann.
31. Agus d'iarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór.
32. Anois bhí tréad mór muc ag innilt ansin ar shleas an chnoic; agus chuir siad a n‑impí air ligean dóibh dul isteach iontu siúd. Agus thug sé an cead sin dóibh.