1. Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh leis tríd na cathracha agus na bailte beaga, agus é ag seanmóireacht agus ag tabhairt dea-scéal ríocht Dé chucu. Agus bhí an dáréag ina chuideachta,
2. agus dornán ban a leigheasadh ó dhrochdheamhain agus ó aicídí: Muire, ar tugadh Maghdaléanach uirthi, ar dibríodh seacht ndeamhan aisti,
3. agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu.
4. Agus nuair a chruinnigh mórshlua le chéile, agus nuair a bhí daoine ag teacht chuige as gach baile d'éis a chéile, dúirt sé i bhfáithscéal:
5. “Síoladóir a chuaigh amach a chur síl; agus nuair a bhí sé á chur, thit cuid de ar fud an chosáin, agus bhíothas ag gabháil de chosa air, agus bhíodh éanlaith an aeir á shlogadh.
6. Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige.
7. Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus d'fhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é.
8. Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”