Lúcás 23:31-43 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

31. Mar má dhéantar sin nuair is glas don tslat, cad é a tharlós nuair a chríonfas sí?”

32. Bhí beirt eile, a bhí ina gcoirpigh, á dtarraingt lena gcur chun báis ina chuideachta.

33. Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.

34. Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.” Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh.

35. Agus sheas na daoine thart, á choimeád; agus chuaigh na rialtóirí a fhonóid faoi, agus é á rá acu, “Shlánaigh sé daoine eile; slánaíodh sé é féin, más é an Críost é agus an duine tofa atá ag Dia!”

36. Chuaigh na saighdiúirí a mhagadh faoi freisin, ag teacht aníos chuige agus ag tairiscint fínéagair dó,

37. agus á rá leis, “Más tú Rí na nGiúdach, slánaigh thú féin!”

38. Bhí inscríbhinn os a chionn lena chois sin, “Is é seo Rí na nGiúdach.”

39. Bhí duine de na coirpigh a bhí á chrochadh ag fonóid faoi, á rá, “Nach tú an Críost? Slánaigh thú féin agus sinne!”

40. Ach chuir an coirpeach eile milleán air, agus ar seisean, “Nach bhfuil eagla ort roimh Dhia, agus tú faoin daorbhreith chéanna sin?

41. Agus is ceart mar bhreith orainne í, nach bhfaigheann ach an rud a thuill ár ngníomhartha; ach níl rud ar bith as an tslí déanta ag an bhfear seo.”

42. Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.”

43. Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.”

Lúcás 23