23. Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha.
24. Mar sin thug Píoláid an bhreith ba mhian leo.
25. Scaoil sé leo an fear a d'iarr siad a caitheadh i bpríosún as ceannairc agus dúnmharú; agus lig sé dóibh mian a dtola a imirt ar Íosa.
26. Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa.
27. Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi.
28. Ach thiontaigh Íosa leo agus dúirt sé, “Ná bígí do mo chaoineadhsa, a iníonacha Iarúsailéim, ach do bhur gcaoineadh féin agus ag caoineadh bhur gclainne.
29. Mar tá na laethanta úd ag teacht a ndéarfar, ‘Is beannaithe don bhean aimrid, agus na broinnte gan toradh, agus na cíocha nár diúladh!’
30. Is ansin a thosófar ar a rá leis na sléibhte, ‘Titigí anuas orainn,’ agus leis na cnoic, ‘Cuirigí folach orainn.’
31. Mar má dhéantar sin nuair is glas don tslat, cad é a tharlós nuair a chríonfas sí?”
32. Bhí beirt eile, a bhí ina gcoirpigh, á dtarraingt lena gcur chun báis ina chuideachta.
33. Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.
34. Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.” Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh.
35. Agus sheas na daoine thart, á choimeád; agus chuaigh na rialtóirí a fhonóid faoi, agus é á rá acu, “Shlánaigh sé daoine eile; slánaíodh sé é féin, más é an Críost é agus an duine tofa atá ag Dia!”
36. Chuaigh na saighdiúirí a mhagadh faoi freisin, ag teacht aníos chuige agus ag tairiscint fínéagair dó,
37. agus á rá leis, “Más tú Rí na nGiúdach, slánaigh thú féin!”
38. Bhí inscríbhinn os a chionn lena chois sin, “Is é seo Rí na nGiúdach.”
39. Bhí duine de na coirpigh a bhí á chrochadh ag fonóid faoi, á rá, “Nach tú an Críost? Slánaigh thú féin agus sinne!”