10. Sheas na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos, á chúisiú go dian dásachtach.
11. Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é.
12. Agus shníomh Iorua agus Píoláid cairdeas le chéile an lá céanna sin, mar roimhe sin bhíodh naimhdeas eatarthu.
13. Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile,
14. agus is é a dúirt sé leo, “Thug sibh an fear seo os mo chomhair mar dhuine a bhíodh ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa; agus féachaigí, táim tar éis an chúis a scrúdú os bhur gcomhair, agus ní fheictear dom go bhfuil an fear seo ciontach in aon rud dá gcuireann sibh ina leith;
15. ní fheictear sin domsa, ná do Iorua ach an oiread, mar chuir sé ar ais chugainne é. Nach bhfeiceann sibh mar sin nach bhfuil aon ní déanta aige a thuillfeadh bás;
16. mar sin de, smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”
18. Ach ba é rud, ghlaoigh siad uile i gcuideachta in ard a gcinn, “Cuir an fear seo den saol, agus scaoil Barabas chugainn,”
19. b'shiúd fear ar buaileadh príosún air as ceannairc a fhadú sa chathair, agus as dúnmharú.
20. Labhair Píoláid leo athuair, ó b'fhonn leis Íosa a scaoileadh;
21. ach ghlaoigh siad os ard, “Déan a chéasadh, céas ar chrann é!”
22. Labhair sé an tríú huair leo, “Cad chuige, cad é an choir atá déanta aige? Ní fheictear dom go bhfuil aon choir déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”
23. Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha.
24. Mar sin thug Píoláid an bhreith ba mhian leo.
25. Scaoil sé leo an fear a d'iarr siad a caitheadh i bpríosún as ceannairc agus dúnmharú; agus lig sé dóibh mian a dtola a imirt ar Íosa.
26. Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa.
27. Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi.
28. Ach thiontaigh Íosa leo agus dúirt sé, “Ná bígí do mo chaoineadhsa, a iníonacha Iarúsailéim, ach do bhur gcaoineadh féin agus ag caoineadh bhur gclainne.
29. Mar tá na laethanta úd ag teacht a ndéarfar, ‘Is beannaithe don bhean aimrid, agus na broinnte gan toradh, agus na cíocha nár diúladh!’
30. Is ansin a thosófar ar a rá leis na sléibhte, ‘Titigí anuas orainn,’ agus leis na cnoic, ‘Cuirigí folach orainn.’
31. Mar má dhéantar sin nuair is glas don tslat, cad é a tharlós nuair a chríonfas sí?”