27. Mar cé is mó céim, an té a bhíos ina shuí ag bord, nó an té a bhíos ag freastal? Nach é an té a bhíos ina shuí ag an mbord? Ach bímse mar fhreastalaí eadraibh.
28. “Is sibh a d'fhan liom nuair a cuireadh cathuithe orm;
29. mar a bhronn m'Athair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse
30. bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag d'losrael.
31. “A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur n‑éileamh le bhur gcriathrú mar chruithneacht,
32. ach tá mise tar éis guí ar do shon chun nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha.”
33. Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.”
34. Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.”
35. Agus ar seisean leo, “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan mhála gan bhróga, an raibh easpa aon ní oraibh?” Agus d'fhreagair siad, “Ní raibh.”
36. Agus dúirt sé leo, “Ach anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é, agus mála lena chois. Agus an té nach bhfuil claíomh aige díoladh sé a fhallaing le ceann a cheannach.
37. Mar táim ag insint daoibh go gcaithfidh mé an focal sin an scrioptúir a chomhlionadh, ‘Agus bhíothas á mheas ar an dream a bhí ciontach,’ mar tá ar scríobhadh fúm ag teacht i gcrích.”
38. Agus dúirt siad, “Féach, a Thiarna, seo dhá chlaíomh.” Agus dúirt sé leo, “Déanfaidh sin cúis.”
39. Agus d'imigh sé mar ba ghnáth leis go Cnoc na nOlóg; agus lean na deisceabail é.
40. Agus nuair a shroich sé an áit dúirt sé leo, “Bígí ag guí gan cathú a theacht oraibh.”
41. Agus chuaigh sé i leataobh faoi urchar cloiche uathu, go ndeachaigh ar a ghlúine agus go ndearna urnaí,
42. “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.”
43. Agus nocht aingeal ó neamh dó ag neartú leis.
44. Agus bhí pianpháis air agus d'éirígh a urnaí ní ba dhúthrachtaí arís; agus allas air a thit anuas ar an talamh mar a bheadh ina bhraonta móra fola.
45. Agus nuair a d'éirigh sé aníos ón urnaí, chuaigh sé go dtí na deisceabail go bhfuair ina suan iad le méid a mbróin,