20. “Ach nuair a fheiceann sibh saighdiúirí ina sluaite gach taobh de Iarúsailéim, aithneoidh sibh nach fada uaithi bheith ina fásach.
21. San am úd teitheadh a mbeidh in Iúdaea chun na sléibhte, agus imíodh a bhfuil istigh sa chathair aisti, agus ná fillidís uirthi a bhfuil amuigh faoin tír;
22. mar is iad siúd laethanta an díoltais, ar mhodh nach bhfágfar focal dár scríobhadh fúthu nach gcomhlíonfar.
23. Is mairg a bheas ag iompar leanaí agus ag tabhairt cíche sna laethanta úd! Mar beidh angar mór ar an domhan, agus beidh Dia i bhfearg leis an gcine seo;
24. titfidh siad le béal an chlaímh, agus déanfar braighdeanaigh díobh i measc na náisiún uile; agus cuirfear Iarúsailéim faoi chosa na nGintlithe go dtí go mbeidh ré na nGintlithe caite.