Lúcás 20:18-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.”

19. Bhí na scríobhaithe agus na hardsagairt ag iarraidh greim a fháil air cheana féin, ach ab é an eagla a bhí orthu roimh na daoine; mar d'aithin siad gur dhírigh sé an fáithscéal sin orthu.

20. Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é.

21. Agus chuir siad an cheist seo air, “A Oide, tá a dhea-fhios againn go mbíonn tú ag labhairt agus ag teagasc mar is ceart, gan claonadh le haon duine, ag teagasc na fírinne faoi shlí Dé.

22. Inis an ceadmhach dúinn ár gcíos a íoc le Caesar nó an bhfuil sé crosta orainn?”

23. Ach d'aithin sé a gcleasaíocht, agus dúirt sé leo,

24. “Taispeánaigí bonn airgid dom. Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn atá air?” D'fhreagair siad, “Is le Caesar iad.”

25. Dúirt sé leo, “Íocaigí mar sin le Caesar na nithe is le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.”

26. Agus níor fhéad siad breith ar a fhocal i láthair na ndaoine; ach ag déanamh iontais dá fhreagra agus tost orthu.

27. Tháinig cuid de na Sadúcéigh, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann,

28. agus chuir siad ceist air, agus dúirt siad, “A Oide, tá scríofa ag Maois dúinn, faoi chás duine a bhfuil a dheartháir i ndiaidh bás a fháil, agus bean aige agus é gan chlann, á rá go gcaithfidh an duine sin an bhean a ghlacadh agus clann a sholáthar dá dheartháir.

29. Anois bhí mórsheisear deartháir ann; agus ghlac duine acu bean, go bhfuair bás gan chlann;

30. agus ghlac an dara

31. agus an tríú duine í, ar an nós céanna go dtí go bhfuair an mórsheisear uile bás gan aon chlann a fhágáil ina ndiaidh.

32. Fuair an bhean bás freisin ina dhiaidh sin.

33. Cé acu a mbeidh sí ina bean aige san aiséirí mar sin? Mar bhí sí ina bean ag an mórsheisear.”

34. Agus arsa Íosa leo, “Bíonn clann an tsaoil seo á bpósadh agus cleamhnais á ndéanamh dóibh,

35. ach an dream a mheastar gur fiú iad teacht chun an tsaoil úd agus chun an aiséirí ó mhairbh ní bhítear á bpósadh ná ag déanamh cleamhnas dóibh siúd,

36. mar ní fhéadann siad bás a fháil a thuilleadh, mar tá siad ar aon chéim leis na haingil agus is de chlann Dé iad, ós iad clann an aiséirithe iad.

37. Ach tá sé cruthaithe ag Maois é féin go dtógtar daoine ó mhairbh, sa sliocht i dtaobh an toim, ina ngaireann sé den Tiarna Dia Abrachaim agus Dia Íosóig agus Dia Iácóib.

Lúcás 20