Lúcás 2:42-52 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

42. Agus nuair a bhí sé ina dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir an nóis;

43. agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, d'fhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsailéim. Níorbh fheasach sin dá thuismitheoirí,

44. ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais;

45. agus nuair a theip orthu a fháil, d'fhill siad go hIarúsailéim ar a thuairisc.

46. Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu;

47. agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.

48. Agus b'iontach leo a fheiceáil mar sin; agus is é a dúirt a mháthair leis, “A mhic, cad é sin atá déanta agat orainn? Féach mé féin agus d'athair do do chuardach agus ár sá imní orainn.”

49. Ach is é a dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mo chuardach? An é nár thuig sibh go mba dhual athar dom bheith sa teach athartha?”

50. Agus níor thuig siad an chaint sin a dúirt sé leo.

51. Agus chuaigh sé síos leo go ndeachaigh go Nasair ina gcuideachta, agus d'umhlaigh sé dóibh; agus is amhlaidh a choinnigh a mháthair cuimhne na nithe sin ina croí.

52. Agus bhíodh Íosa ag méadú in eagnaíocht agus in airde, agus gnaoi Dé agus daoine air.

Lúcás 2