38. Agus tháinig sí aníos chucu san uair sin agus thug sí buíochas do Dhia, agus labhair sí faoi leis an dream uile a bhí ag dréim le slánú Iarúsailéim.
39. Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair.
40. Agus d'fhás an leanbh aníos go láidir tréan, agus é lán d'eagna; agus bhí gnaoi ag Dia air.
41. Anois bhí sé ina ghnás ag a thuismitheoirí dul suas go hIarúsailéim gach uile bhliain in am fhéile na Cásca.
42. Agus nuair a bhí sé ina dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir an nóis;
43. agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, d'fhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsailéim. Níorbh fheasach sin dá thuismitheoirí,
44. ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais;
45. agus nuair a theip orthu a fháil, d'fhill siad go hIarúsailéim ar a thuairisc.
46. Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu;
47. agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.