Lúcás 2:26-40 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. Agus bhí an Spiorad Naomh d'éis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh.

27. Agus tháinig sé isteach sa teampall faoi análú an Spioraid Naoimh; agus nuair a thug na tuismitheoirí an leanbh Íosa isteach, le déanamh dó de réir ghnás an dlí,

28. thóg sé é ina bhachlainn agus thug adhradh do Dhia agus dúirt,

29. “A Thiarna, is anois a cheadaíonn tú do do sheirbhíseach imeacht faoi shíocháin,de réir do bhriathair;

30. mar tá mo shúile d'éis do shlánú a fheiceáil,

31. an slánú a réamhullmhaigh tú os comhair na gciníocha uile,

32. an solas a thabharfadh eolas ort do na Gintlithe, agusan solas a bheadh ina ghlóir do do mhuintir Iosrael.”

33. Agus b'iontach lena athair agus lena mháthair an méid sin a dúradh faoi:

34. agus bheannaigh Siméón iad agus dúirt sé le Muire a mháthair,“Féach, beidh an leanbh seo ina chúis titime agus éirithe ag mórán daoine in Iosrael,agus beidh sé ina chomhartha a bheas á cháineadh

35. (agus rachaidh claíomh trí d'anam féin freisin),ionas go nochtfaí na smaointe i mórán croíthe.”

36. Agus bhí banfháidh ann, Anna iníon Phanuél, de threibh Aser; bhí aois mhór aici, ó mhair sí i gcuideachta a fir seacht mbliana ó bhí sí ina hógh,

37. agus mhair sí ansin ina baintreach go raibh sí ceithre bliana agus ceithre fichid. Níor fhág sí an teampall, agus í ag adhradh Dé le troscadh agus le hurnaí lá agus oíche.

38. Agus tháinig sí aníos chucu san uair sin agus thug sí buíochas do Dhia, agus labhair sí faoi leis an dream uile a bhí ag dréim le slánú Iarúsailéim.

39. Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair.

40. Agus d'fhás an leanbh aníos go láidir tréan, agus é lán d'eagna; agus bhí gnaoi ag Dia air.

Lúcás 2