Lúcás 2:17-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Agus nuair a chonaic siad é d'inis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin;

18. agus níl duine dár chuala nach raibh iontas air faoi ar inis na haoirí dóibh.

19. Ach choinnigh Muire cuimhne ar na nithe sin, agus í ag machnamh orthu ina croí.

20. Agus d'fhill na haoirí, agus iad ag moladh agus ag mórghlóiriú Dé faoinar chuala siad agus faoina bhfaca siad, mar a insíodh dóibh roimh ré.

21. Agus i gcionn ocht lá ina dhiaidh sin, nuair a timpeallghearradh é, tugadh Íosa air, an t‑ainm a bhí tugtha air ag an aingeal sul ar gabhadh i mbroinn é.

22. Agus nuair a tháinig am a nglanta de réir dhlí Mhaois, tugadh aníos go hIarúsailéim é lena thoirbhirt don Tiarna

23. (mar atá scríofa i ndlí an Tiarna “Gan fireann dá n‑osclaíonn broinn nach ngairfear naofa don Tiarna de”)

24. agus le híobairt a ofráil de réir a ndeir dlí an Tiarna, “dhá fhéarán bhreaca, nó dhá cholm óga.”

25. Anois bhí fear ann in Iarúsailéim, arbh ainm dó Siméón, agus b'fhíréanta cráifeach an fear é, agus é ag dréim le séan agus sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh air.

26. Agus bhí an Spiorad Naomh d'éis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh.

27. Agus tháinig sé isteach sa teampall faoi análú an Spioraid Naoimh; agus nuair a thug na tuismitheoirí an leanbh Íosa isteach, le déanamh dó de réir ghnás an dlí,

28. thóg sé é ina bhachlainn agus thug adhradh do Dhia agus dúirt,

29. “A Thiarna, is anois a cheadaíonn tú do do sheirbhíseach imeacht faoi shíocháin,de réir do bhriathair;

Lúcás 2