Lúcás 16:16-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí Eoin; agus ó shin tá an dea-scéal á chraobhscaoileadh i dtaobh ríocht Dé, agus gach duine ag brú isteach ann le láimh láidir.

17. Ach is fusa do neamh agus do thalamh dul ar ceal ná d'aon phonc den dlí a bheith gan bhrí.

18. “Níl duine dá scarann lena bhean agus bean eile a phósadh nach mbíonn ag déanamh adhaltranais, agus an fear a phósas bean atá deighilte óna fear féin bíonn sé ag déanamh adhaltranais.

19. “Bhí fear saibhir ann, a mbíodh éadaí de chorcra agus de chaol-línéadach air, agus féasta costasach aige gach aon lá.

20. Agus bhí ina luí ina gheata duine bocht a raibh Lasarus mar ainm air, agus a chorp lán cneácha,

21. agus é ag iarraidh a bheatha a dhéanamh de na grabhróga a thiteadh ó bhord an duine shaibhir; agus thairis sin thagadh na madraí a lí a chneácha.

22. Fuair an bochtán bás agus d'iompair na haingil é go hucht Abrachaim. Fuair an duine saibhir bás freisin agus cuireadh in uaigh é;

23. agus d'ardaigh sé a shúile, agus é i Háidéas, i bpianta, go bhfaca Abracham i bhfad uaidh agus Lasarus ina ucht.

Lúcás 16