1. Aon sabóid amháin nuair a chuaigh sé chun proinne i dteach uachtaráin de na Fairiséigh, bhíothas á gcoimeád.
2. Agus b'shiúd an fear os a chomhair a raibh an íorpais air.
3. Agus labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairiséigh, ag fiafraí, “Leigheas a dhéanamh lá na sabóide, cé acu ceadaithe nó crosta é?”
4. Ach d'fhanadarsan ina dtost. Ghlac sé ansin é gur leigheas sé é, agus gur lig sé chun bealaigh é.
5. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé agaibh, a dtitfidh a dhamh nó a asal isteach i dtobar lá na sabóide, nach dtarraingeoidh amach é gan mhoill?”