Lúcás 12:29-40 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

29. Agus ná bígí ag iarraidh an ní a íosfas sibh agus a ólfas sibh, agus ná bíodh bhur n‑intinn faoi imní.

30. Mar bíonn náisiúin uile an domhain ag iarraidh na nithe sin; agus is feasach do bhur nAthair go dteastaíonn siad uaibh.

31. Bígí ag iarraidh a ríochta ina n‑áit sin, agus beidh na nithe úd uile agaibh lena cois.

32. “Ná bíodh eagla oraibh, a thréidín liom, mar bhí sé de mhaitheas ag bhur nAthair an ríocht a dheonú daoibh.

33. Díolaigí bhur maoin, agus tugaigí uaibh mar dhéirc i ar ghrá Dé; soláthraígí daoibh féin sparán nach gcríonann, stór ar neamh nach dteipeann, san áit nach dtagann gadaí dá chomhair agus nach mbíonn leamhain á chur ó mhaith.

34. Mar cibé áit a mbeidh bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroíthe.

35. “Bíodh bhur leasracha crioslaithe agus bhur lampaí lasta

36. mar fhir ag fanacht lena máistir ag filleadh abhaile ón mbainis, agus iad i bhfáth leis an doras a oscailt roimhe chomh luath agus a thagann sé ag bualadh cnaig air.

37. Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu.

38. Más sa dara nó sa tríú tráth den oíche a thagann sé orthu agus iad amhlaidh, is beannaithe na seirbhísigh úd!

39. Ach tugaim le fios daoibh, dá mbeadh an t‑eolas ag fear an tí faoi cá huair a bhí an gadaí ag teacht, bheadh sé ina dhúiseacht gan ligean dó briseadh isteach ina theach.

40. Caithfidh sibhse bheith ullamh freisin; mar tá Mac an duine ag teacht san uair nach mbeidh súil agaibh leis.”

Lúcás 12