Lúcás 12:14-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?”

15. Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.”

16. Agus d'inis sé fáithscéal dóibh, á rá, “Bhí duine saibhir áirithe ann ar thug a thalamh mórán torthaí;

Lúcás 12