Lúcás 1:3-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. chonacthas domsa freisin, a bhfuil cuimse ama caite agam á ndlúthlorgaireacht, go mb'fhiú a scríobh síos i ndiaidh a chéile do bhur soilsese, a Théophilas,

4. chun go ndéana sibh deimhin de na nithe úd a d'fhoghlaim sibh ó bhéalaithris.

5. San am úd a raibh Iorua ina rí ar Iúdaea, bhí sagart ann a raibh Secaría mar ainm air, sagart d'aicme Abíá; agus ba de chlann iníonacha Áróin a bhanchéile arbh ainm di Elisabét.

6. B'fhiréanta an lánúin iad i láthair Dé, agus dlíthe agus reachta Dé á gcoinneáil acu gan locht dá laghad orthu,

7. ach ab é nach raibh leanbh acu, ó bhí Elisabét í féin aimrid, agus an bheirt acu anonn go maith i mblianta.

8. Anois nuair a tháinig uain a aicmesean, agus nuair a bhí air dul i mbun a oibre mar shagart i láthair Dé

9. mar ba dhual do shagart, thit sé ar a chrann dul isteach le túis a dhó i dteampall Dé.

10. Agus slua uile na ndaoine ag guí amuigh san am ar ofráladh an túis.

11. Agus fuair sé taispeáint d'aingeal leis an Tiarna, agus é ina sheasamh ar thaobh na láimhe deise d'altóir na túise.

12. Agus bhí buaireamh ar Shecaría nuair a chonaic sé é, agus thit eagla air.

13. Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le d'urnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm.

14. Agus is ort a bheidh an t‑áthas agus an lúcháir,agus is iomaí duine lerb aoibhinn a bhreith;

Lúcás 1