11. Chuaigh siad os íseal ansin a bhrostú daoine lena rá gur chuala siad é ag labhairt briathra blaisféimeacha in aghaidh Mhaois agus in éadan Dé.
12. Agus shéid siad faoi na daoine agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus tháinig siadsan agus ghabh siad é agus thug siad os comhair na comhairle é,
13. agus thóg siad finnéithe bréige a dúirt, “Ní bhíonn stad ar an bhfear seo ach ag labhairt focal in aghaidh na háite naofa seo agus in aghaidh an dlí;
14. mar chualamar é á rá aige go scriosfadh Íosa as Nasair an áit seo, agus go n‑athródh sé na nósanna úd a tháinig anuas chugainn ó Mhaois.”
15. Agus thug a raibh ina suí ar an gcomhairle amharc air, agus chonaic siad go raibh a ghnúis mar ghnúis aingil ann.