Gníomhartha 5:25-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. Tháinig duine chucu ansin leis an scéal a insint dóibh, “Tá siad ina seasamh sa teampall ag teagasc na ndaoine, na fir a chuir sibhse sa phríosún.”

26. Chuaigh an ceannfort agus na hoifigigh gur thug siad leo iad, ach gan lámh láidir, mar bhí eagla orthu go n‑imreodh na daoine bás orthu le clocha.

27. Thug siad isteach mar sin iad, gur chuir ina seasamh os comhair na comhairle iad. Agus chuir an t‑ardsagart ceist orthu,

Gníomhartha 5