Gníomhartha 4:1-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus nuair a bhí siadsan ag labhairt na mbriathra seo leis na daoine, tháinig na sagairt agus ceannfort an teampaill agus na Sadúcéigh orthu,

2. agus fíoch orthu leo as bheith ag teagasc na ndaoine agus ag foilsiú gur in Íosa a bhí an t‑aiséirí ó mhairbh.

3. Agus ghabh siad iad agus rinne siad príosúnaigh díobh go dtí an lá ina dhiaidh sin, ó bhí an tráthnóna ann cheana.

4. Ach chreid mórán de na daoine a chuala an briathar; agus bhí siad faoi chúig mhíle fear ann.

5. Lá arna mhárach cruinníodh le chéile in Iarúsailéim a rialtóirí agus a seanóirí agus a scríobhaithe,

6. agus Annas an t‑ardsagart agus Caiafas agus Eoin agus Alastair, agus an dream uile a raibh fuil na n‑ardsagart iontu.

7. Chuir siad iad amach ansin ina seasamh i lár an tslua, agus d'fhiafraigh siad díobh, “Cad í an chumhacht nó cad é an t‑ainm a ndearna sibh sin tríothu?”

8. Arsa Peadar leo ansin, agus é lán den Spiorad Naomh, “A rialtóirí na ndaoine agus a sheanóirí,

9. má táimid an lá seo dár gceistiú i dtaobh dea-ghnímh a rinneadh ar chláiríneach, agus i dtaobh na caoi ar leigheasadh é,

10. tugtar le fios daoibhse, agus do mhuintir Iosrael go hiomlán, gur trí ainm Íosa Críost as Nasair, an té ar chéas sibh é agus ar ardaigh Dia ó mhairbh é, gur trídsean atá an fear seo ina sheasamh os bhur gcoinne agus é ina shláinte.

11. Is í sin an chloch dár dhiúltaigh sibhse, a bhí in ainm a bheith in bhur saoir, a ndearnadh cloch an chúinne di.

12. Agus níl an slánú síoraí le fáil in aon duine eile, mar níl aon ainm eile á lua ag na daoine faoi spéartha neimhe a gcaithfimid bheith dár slánú tríd.”

13. Anois nuair a chonaic siad an t‑uchtach a bhí ag Peadar agus ag Eoin, agus nuair a thug siad faoi deara gur daoine gan foghlaim ná léann leabhar iad, bhí iontas orthu; agus d'aithin siad orthu gur choinnigh siad cuideachta le hÍosa.

14. Ach nuair a chonaic siad an fear a leigheasadh ina sheasamh taobh leo, níor fágadh focal acu le rá ina éadan sin.

Gníomhartha 4