2. Chuamar ansin ar bhord loinge Adramitigh a bhí le bailte cuain na hÁise a shiúl, agus chuamar chun farraige, agus bhí Aristarcas, Macadóineach as Tesaloníca linn.
3. An dara lá thángamar i gcaladh i Siodón; agus bhí Iúlius go daonnachtúil dea-chroíoch le Pól, agus lig sé dó cuairt a thabhairt ar a chairde agus aire a fháil uathu.
4. Chuamar amach as sin chun na farraige agus rinneamar ar thaobh an fhoscaidh den Chipir, ó bhí an ghaoth inár n‑éadan.
5. Agus chuamar thar an réimse farraige amach ó Chilicia agus ó Phamfilia gur shroicheamar Maira i Licia.
6. Fuair an ceantúir long as Alecsandria ansin a bhí ar aistear na hIodáile, gur chuir uirthi sinn.
7. Chuamar go malltriallach ansin ar feadh tamaill de laethanta, agus chuir sé crua orainn béal Chnídas a bhaint amach, agus ó nár fhéadamar treabhadh ar aghaidh in éadan na gaoithe a bhí ann, chuamar ar thaobh an fhoscaidh den Chréit amach ó Shalmóne.
8. Sheolamar leis an gcósta siúd is go mba dheacair sin, gur shroicheamar áit a dtugtar na Caomhchuanta uirthi, a raibh cathair Lasaía cóngarach di.
9. Bhi mórán ama curtha amú againn, agus bhí sé ag éirí contúirteach an fharraige a thaobhú ó bhí laethanta an trosctha thart cheana féin, agus mar sin thug Pól iarraidh ar chomhairle a chur orthu,
10. agus ar seisean, “A fheara, feicim nach rachaidh an t‑aistear seo thart gan dochar agus díobháil, agus nach iad an long agus a lasta amháin a bheas i mbaol dá bharr sin, ach ár mbeo féin.”
11. Ach ba mhó an aird a bhí ag an gceantúir ar fhear stiúrach agus ar shealbhóir an tsoithigh ná ar na briathra seo Phóil.
12. Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mb'fhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin.