Gníomhartha 27:18-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige;

19. agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é.

20. Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as.

Gníomhartha 27