Gníomhartha 25:12-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. D'fhreagair Festus ansin, i ndiaidh labhairt air lena lucht comhairle, “Ó chuir tú d'achomharc ar Chaesar, is chuig Caesar a rachas tú.”

13. Anois, tamall de laethanta ina dhiaidh sin, tháinig Agrippa an rí agus Berníce go Caesaríá le forbhfáilte roimh Fhestus.

14. Agus ó chaith siad tamall maith de laethanta ann, luaigh Festus cúrsaí Phóil leis an rí, agus ar seisean, “Tá fear ann ar fhág Felix sa phríosún é;

15. agus nuair a bhí mé in Iarúsaléim, rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach scéal air, agus d'iarr siad breithiúnas a thabhairt air.

16. Ba é mo fhreagra nár ghnách leis na Rómhánaigh aon duine a thabhairt uathu go mbíonn faill ag an gcúisí amharc idir dhá shúil ar lucht a gcúisithe, agus faill aige é féin a chosaint ar a gcuirtear ina leith.

17. Mar sin nuair a tháinig siad le chéile anseo ní dhearna mé aon mhoill, ach chuaigh mé i mo shuí ar an mbinse agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt i láthair.

18. Nuair a sheas lucht an chúisithe suas, níor chuir siad aon drochchoir ina leith den sórt a raibh mé ag dréim leo;

19. mar ní raibh ann acu ach mionphointí áirithe faoina gcreideamh piseogach féin agus faoi dhuine a raibh Íosa mar ainm air, a bhí marbh, ach a raibh Pól ag tabhairt an leabhair go bhfuil sé beo.

20. Ó chuaigh díom a thuiscint conas a d'fhéadfaí ceisteanna mar sin a mhion-scrúdú, d'fhiafraigh mé de an raibh sé toilteanach le dul suas go hIarúsailéim go gcuirtí cúirt air ansin ina dtaobh.

21. Ach nuair a chuir Pól isteach achomharc a bheith á choinneáil sa phríosún go dtabharfadh an t‑impire breithiúnas ar a chás, d'ordaigh mé é a choinneáil go dtí go bhféadfainn a chur uaim chuig Caesar.”

22. Arsa Agrippa le Festus, “Ba mhaith liom an fear a chluinstin le mo chluasa féin.” Agus d'fhreagair seisean, “Cluinfidh tú amárach é.”

23. Mar sin tháinig Agrippa agus Berníce le mustar mór, agus chuaigh siad isteach i halla na héisteachta, iad agus na treabhainn mhíleata agus lucht chéimíocht na cathrach. Tugadh Pól i láthair ansin le hordú Fhestuis.

Gníomhartha 25