Gníomhartha 24:12-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. agus ní raibh mé le fail acu ag díospóireacht le haon duine, ná ag spreagadh slua, sa teampall, ná sna sionagóga, ná sa chathair.

13. Ni fhéadann siad ach oiread aon ní a chruthú atá á rá anois acu i m'éadan.

14. Ach admhaím an méid seo leat, go mbím ag adhradh an Dé a bhí ag ár sinsir romhainn, de réir na Slí a dtugann siad seict uirthi, agus go gcreidim gach ní atá curtha síos sa dlí nó scríofa i leabhair na bhfáithe,

15. agus go bhfuil an dóchas as Dia agam a nglacann siad féin leis, go mbeidh aiséirí fíréan agus neamhfhíréan ann.

16. Mar sin bím ar mo dhicheall coinsias glan a bheith agam os comhair Dé agus daoine.

17. Ansin tar éis tamall de bhlianta tháinig mé le déirc agus ofrálacha a thabhairt chuig mo chine féin.

18. Nuair a bhí mé á dhéanamh sin, tháinig siad orm agus mé íonghlanta sa teampall, gan aon slua ná suaitheadh ann. Ach bhí Giúdaigh as an Aise ann

19. ar chóir dóibh bheith anseo os do choinne agus mé a chúiseamh, má tá rud ar bith acu i m'éadan.

20. Sin, nó abradh na fir seo iad féin cad é an choir a fuair siad ionam nuair a sheas mé os comhair na comhairle,

21. amach ón aon fhocal seo a ghlaoigh mé amach is mé ina measc, ‘Is i dtaobh aiséirí na marbh atá an chúirt seo á cur orm os bhur gcomhair an lá seo.’”

22. Ach ó bhí eolas measartha beacht ag Felix i dtaobh na Slí, chuir sé ar cairde é, a rá, “Nuair a thiocfas Lisias an treabhann anuas, tabharfaidh mé breithiúnas ar an gcúis seo agaibh.”

23. D'ordaigh sé ansin don cheantúir a choimeád, ach saoirse éigin a bheith aige, agus gan cead ag aon duine a chairde a chosc ó bheith ag freastal air.

24. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin tháinig Felix agus a bhanchéile Drusilla, a bhí ina Banghiúdach; agus chuir sé fios ar Phól agus d'éist sé leis ag labhairt faoi chreideamh sa Chríost, in Íosa.

Gníomhartha 24