16. Agus chuaigh cuid de na deisceabail as Caesaríá linn, ár gcomóradh chomh fada le teach Mnasoin, as an gCipir, a bhí ina dheisceabal ariamh anall, agus a rabhamar le lóistín a fháil aige.
17. Nuair a thángamar go hIarúsailéim, chuir na bráithre fáilte chroíúil romhainn.
18. An lá ina dhiaidh sin chuaigh Pól chuig Séamas linne; agus bhí na cruifreacha uile i láthair.
19. Bheannaigh sé dóibh siúd, agus ansin d'inis sé tríd síos a ndearna Dia do na Gintlithe trína fhriotháileamh féin.
20. Agus nuair a chuala siad é, thug siad glóir do Dhia. Agus ar siadsan leis, “Feiceann tú, a bhráthair, na mílte a ghlac leis an gcreideamh i measc na nGiúdach; agus cad é chomh díograiseach agus atá siad i dtaobh an dlí,
21. agus insíodh dóibh fútsa go mbíonn tú ag múineadh do na Giúdaigh uile a bhíos i measc na nGintlithe go gcaithfidh siad cúl a láimhe a thabhairt do Mhaois, agus go mbíonn tú ag rá leo gan a gclann mhac a thimpeallghearradh ná na nósanna a choinneáil.
22. Cad é is coir a dhéanamh mar sin? Is cinnte go gcluinfidh siad go bhfuil tú i ndiaidh teacht anseo.
23. Inseoimid duit cad é a dhéanfas tú. Tá ceathrar fear againn atá faoi mhóid;
24. glac na fir seo agus bí tusa do d'íonghlanadh féin ina gcuideachta, agus íoc a gcostais, go mbearra siad gruaig a gcinn. Beidh a fhios ag an saol uile mar sin nach bhfuil fírinne ar bith sa mhéid a insíodh dóibh fút, ach go gcaitheann tú do bheatha in umhlaíocht don dlí.
25. Ach i dtaca leis na Gintlithe a ghlac le creideamh, tá litir scríofa againn chucu lenár mbreith go staonfadh siad ónar íobraíodh d'íola, agus ó fhuil agus ó fheoil ainmhithe a tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht.”
26. Ghlac Pól leis na fir, agus d'íonghlan sé é féin leo lá arna mhárach agus chuaigh sé isteach sa teampall, le fógra a thabhairt faoi cá huair a chuirfí críoch le laethanta an íonghlanta agus a d'ofrálfaí íobairt le haghaidh gach duine acu.
27. Nuair a bhí na seacht lá i ngar do bheith críochnaithe, shéid na Giúdaigh as an Áise, a bhí i ndiaidh é a fheiceáil sa teampall, faoin slua uile, agus leag siad lámha air,
28. agus iad ag scairteadh, “A fheara Iosrael, cabhair! Seo an fear a bhíos ag tabhairt teagaisc do na daoine san uile áit atá in aghaidh an phobail is againne agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo; agus lena chois sin thug sé Gréagaigh isteach sa teampall, agus tá an áit naofa seo truaillithe aige.”