26. Mar sin de, tugaim m'fhianaise daoibh an lá seo go bhfuil mé saor ar éiric anama gach duine agaibh,
27. mar níor cheil mé comhairle iomlán Dé oraibh, ach á nochtadh daoibh.
28. Tugaigí aire daoibh féin, agus don tréad, ar chuir an Spiorad Naomh in bhur n‑easpaig os a chionn sibh, le heaglais an Tiarna a bheathú a cheannaigh sé lena fhuil féin.
29. Tá a fhios agam tar éis m'imeachta as go dtiocfaidh faolta fíochmhara isteach in bhur measc, agus nach dtiocfaidh an tréad slán uathu;
30. agus ní hé sin amháin, ach éireoidh fir as bhur measc féin a bheas claon ina gcaint, leis na deisceabail a mhealladh chun a leanúna.