Gníomhartha 2:22-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. “A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo uaim: ba dhuine dearscnaithe é Íosa as Nasair, mar thaispeáin Dia tríd na mórfhearta agus na hiontais agus na comharthaí a d'oibrigh Dia tríd in bhur measc, mar atá fhios agaibh féin—

23. agus ghlac sibh an tÍosa sin de réir an rúin dhiongbháilte agus an réamheolais a bhí ag Dia, agus chéas sibh agus d'imir sibh bás air le lámha nár ghéill don dlí.

24. Ach is amhlaidh a thóg Dia é, agus scaoil sé arraingeacha an bháis, ó nárbh fhéidir don bhás greim a choinneáil air.

25. Mar is é a deir Dáibhí ina thaobh,‘Chonaic mé an Tiarna os mo choinne go síor,mar bíonn sé agam ar thaobh mo láimhe deise ionas nach gcorrófar mé;

26. mar sin bhí áthas ar mo chroí agus lúcháir i mo theanga;agus beidh dóchas ag mo cholainn ag dul i luí.

27. Mar ní fhágfaidh tú m'anam i Háidéas,agus ní ligfidh tú do do Naomhsa truailliú a fheiceáil.

28. Thaispeáin tú cosáin na beatha dom;líonfaidh tú le háthas mé le bheith i do láthair.’

29. “A bhráithre, féadtar a rá i dtaobh an uasalathar Dáibhí gur scéal cinnte é go bhfuair sé bás agus gur adhlacadh é, agus go bhfuil a thuama againn go dtí an lá inniu.

30. Ach bhí sé ina fháidh eolais, agus bhí a dhea-fhios aige go raibh mionnaithe ag Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ina shuí ar a ríchathaoir,

31. agus chonaic sé aiséirí Chríost roimh ré agus is air a labhair sé, á rá nár fágadh i Háidéas é, agus nach bhfaca a cholainn an truailliú.

32. Tá an tÍosa sin tógtha ó mhairbh ag Dia, agus táimid uile inár bhfinnéithe air.

Gníomhartha 2