Gníomhartha 17:6-11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. Ach nuair nach bhfuair siad ansin iad, stróic siad Iasón agus bráithre áirithe eile os comhair cheannurraí na cathrach, agus iad ag scairteadh amach, “An dream seo a bhfuil an saol curtha bun os cionn acu tá siad i ndiaidh teacht anseo freisin,

7. agus Iasón tar éis fáilte a chur rompu chun a thí; agus bíonn gnásanna acu seo uile atá crosta ag reachtanna Chaesair, mar deir siad go bhfuil rí eile ann a bhfuil Íosa mar ainm air.”

8. Nuair a chuala an slua agus ceannurraí na cathrach sin, bhí imní orthu.

9. Agus ghlac siad bannai ó Iasón agus ón gcuid eile agus lig siad a gcinn leo ansin.

10. Mar sin de, chuir na bráithre Pól agus Sailas ar shiúl gan mhoill an oíche sin go Beraía; agus ní luaithe a shroich siad an áit ná chuaigh siad go sionagóg na nGiúdach.

11. B'uaisle an dream iad siúd ná lucht Tesaloníca, mar ghlac siad leis an mbriathar agus chuir siad spéis mhór ann, agus chaith siad an lá ag scrúdú na scrioptúr le feiceáil an raibh sin uile amhlaidh.

Gníomhartha 17