24. An Dia a chruthaigh an chruinne agus a bhfuil inti, tá sé ina Ardtiarna neimhe agus talaimh, agus ní bhíonn sé ag baint faoi i dteampaill láimhdhéanta,
25. ná ní bhíonn lámha daoine ag freastal air mar a bheadh easpa aon ní air, ós é a bhronn beatha agus anáil agus gach uile ní ar gach créatúr beo.
26. Agus chruthaigh sé d'aon mhianach amháin na ciníocha daonna uile le bheith beo ar aghaidh an talaimh uile, agus is é a shocraigh roimh ré na tréimhsí a bhí i ndán dóibh agus na críocha a ndéanfaidís cónaí iontu,
27. ionas go mbeadh iarraidh acu ar Dhia, agus mar dhúil is go mothóidís é agus go lorgóidís é agus go bhfaighidís é. Mar ní bhíonn sé i bhfad ó aon duine againn,
28. mar‘Is ann a mbíonn cumas againn maireachtáil agus gluaiseacht agus bheith ann;’mar atá ráite ag cuid de bhur bhfilí féin,‘Mar is fíor gur sinne a shliochtsan.’