Gníomhartha 17:1-3 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois nuair a bhi Amfipolis agus Apollónia curtha tharstu acu, shroich siad Tesaloníca, áit a raibh sionagóg ag na Giúdaigh.

2. Agus chuaigh Pól isteach ansin, mar ba ghnách leis, agus chaith sé trí sheachtain ag plé leo as na scrioptúir,

3. á míniú agus ag cruthú as go raibh sé riachtanach don Chríost an pháis a fhulaingt agus aiséirí ó mhairbh agus ag rá, “Is é an Críost é, an tÍosa seo a bhfuilim á fhógairt daoibh.”

Gníomhartha 17