Gníomhartha 14:1-4 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. In Icónium dóibh ansin chuaigh an bheirt acu isteach i sionagóg na nGiúdach agus thug a chaint ar shlua mór de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh araon teacht chun creidimh.

2. Ach chuaigh na Giúdaigh neamhchreidmheacha a shéideadh faoi na Gintlithe agus a chothú drochaigne iontu do na bráithre.

3. D'fhan siad mar sin tamall fada, ag labhairt go neamhbhalbh ar son an Tiarna, agus é ag tabhairt fianaise ar bhriathar a ghrásta, agus é ag deonú go ndéantaí comharthaí agus iontais lena lámha.

4. Ach bhí daoine na cathrach scoilte ina dhá leath; cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh, agus cuid acu leis na haspail.

Gníomhartha 14